Conas NGO éifeachtach a aithint?

15/10/2012 at 2:16 pm Leave a comment

Léiriú de shaoránacht ghníomhach is ea carthanais agus eagraíochtaí neamhrialtasacha (NGO’anna): gnáthdhaoine ag oibriú le chéile d’fhonn athrú sóisialta a bhaint amach.

Mar léiriúcháin ar chomhchumhacht na ndaoine is iomaí cineál eagraíochta neamhrialtasaí atá ann agus is mó bealach ina n-oibríonn siad, de réir suimeanna a dtacadóirí agus a mbunluachanna féin.

Is fearr ar fad a fheidhmíonn NGO’anna nuair a dhíríonn siad fuinneamh agus tiomáint a dtacadóirí agus a gcuid foirne ar mhodhanna gairmiúla oibre agus ar chláir éifeachtacha ardtorthaí a fheabhsaíonn saol bochtán. Is iad na NGO’anna is éifeachtaí ná iad siúd a fheidhmíonn de réir a láidreachtaí agus atá in ann an leas is fearr a bhaint as scileanna na ndaoine a fhreastalaíonn siad orthu. Braitheann an tionchar a bheadh ag NGO ar a freagrúlacht d’éilimh na ndaoine a fhreastalaíonn sí orthu. Ní eascraíonn tionchar as méid eagraíochta, ach as neart na nasc atá aici leo siúd a mbíonn faoi thionchar a cuid oibre, nó leo siúd a léiríonn suim inti.

Saintréithe NGO’anna éifeachtacha

Éinne a dteastaíonn uathu tacú le NGO – bíodh sé mar dheontóir nó mar dhuine de lucht déanta beartas – is gá go mbeadh ar a gcumas a dhearbhú cén
NGO’anna is mó a riachtanas, nó is mó a thuilleann tacaíocht.

Molann Dóchas na ceisteanna seo a leanas d’fhonn cuidiú le breithiúnas a thabhairt ar éifeachtacht NGO’anna:

  • An féidir leis an eagraíocht a léiriú go soiléir cé hí agus cad a dhéanann sí?
    Ba chóir go mbeadh ar a gcumas ag NGO’anna a bhfís, a misean agus a gcláir a mhíniú go soiléir. Mura bhfuil, d’fhéadfadh go mbeadh siad doiléir i ndearadh agus i bhfeidhmiú na gclár sin.
  • An féidir leis an eagraíocht an dul chun cinn atá déanta (á dhéanamh) aici maidir lena cuspóirí a léiriú duit?
    Bíonn táscairí soiléire ag dea-eagraíochtaí d’fhonn tomhas a dhéanamh ar dhul chun cinn maidir le cuspóirí aontaithe a bhaint amach. D’fháilteodh NGO’anna mar seo roimh dheiseanna a gcuid straitéisí agus a gcuid buanna a roinnt leat.
  • An bhfuil ciall le cláir na heagraíochta dar leat?
    Ba chóir go mbeadh aon eagraíocht in ann a mhíniú réasúnaíocht a clár oibre agus conas mar a fheidhmeofar é, go gearrthéarmach agus go fadtéarmach, d’fhonn athrú dearfach a bhaint amach.
  • An gcloíonn an eagraíocht le caighdeáin ghairmiúla ina cuid oibre?
    Bíonn tréanchórais inmheánacha ag na NGO’anna is éifeachtaí agus feidhmíonn siad faoi réir caighdeán agus cód iompair gairmiúil, cosúil le Cód ‘Dóchas’ ar Rialachas Corparáideach nó An Cód Cistíochta.
  •  Conas mar a chomhordaíonn an eagraíocht a cuid oibre le dreamanna eile agus conas mar a dheimhníonn sí go bhfuil guth ag a cuid tairbhithe ina cinnteoireacht?
    Is iad is fearr le breithiúnas a thabhairt ar éifeachtacht eagraíochta ná iad siúd atá i gceist mar thairbhithe. Tá sé tábhachtach a cheistiú conas a bhíonn a fhios ag NGO faoi fhíor-riachtanais na ndaoine sin agus conas mar a réitíonn sí le cláir NGO’anna eile nó le cláir rialtais sna tíortha ina bhfeidhmíonn sí.
  • An lorgaíonn an eagraíocht aird na meán le céadfaíochas?
    Tá tábhacht ar leith ag baint leis an bhfírinne agus le cosaint dínit an duine agus an réaltacht – idir dhearfach agus dhiúltach – á léiriú maidir le tíortha i mbéal forbartha. Chinn an-chuid NGO’anna tabhairt faoi seo trí Cód Iompair ‘Dóchas’ um Íomhánna agus Theachtaireachtaí a shíniú.

‘Cóimheas Forchostais’ – conas gan NGO a mheas

Ciallaíonn cóimheas forchostais an méid ioncaim a chaitheann NGO ar riarachán. Ní tomhas é ar NGO maith ar na cúiseanna seo a leanas:

  • Ní léiríonn cóimheas forchostais caighdeán na seirbhíse a sholáthraítear – d’fhéadfadh gurb ionann forchostais ísle agus róspleáchas ar dhea-thoil;
  • D’fhéadfadh gurb ionann forchostais arda agus obair d’ardchaighdeán – teastaíonn tréanmhonatóireacht agus saintaighde le haghaidh obair fhónta ag NGO, rud a chuireann leis na forchostais;
  • Is minic ardchostais pá ag eagraíochtaí a imríonn ardtionchar, toisc go bhfostaíonn siad foireann oilte, rud a dheimhníonn go bhfuil na daoine cearta i mbun na hoibre cirte;
  • Ní hionann forchostais ísle agus feiliúnacht an chuir chuige ná na dtorthaí fadtéarmacha;
  • Is féidir cóimheas forchostais a áireamh ar an mbealach is buntáistí in éagmais slat tomhais cinnte maidir leis an gcineál costas ar cheart a áireamh mar fhorchostas.

–o–

Entry filed under: Uncategorized. Tags: .

Discussing “The World We Want” “Development programmes that work” – A short anthology of examples from research

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s

Trackback this post  |  Subscribe to the comments via RSS Feed


Enter your email address to subscribe to this blog and receive notifications of new posts by email.

Join 214 other followers

Archives

Dóchas on Twitter

The World's Best News - images

One of the most important graphs. Ever.

http://ourworldindata.org/data/health/maternal-mortality/ Today is World Food Day.

A day to celebrate that the days of truly enormous famines are over: http://blog.concern.net/global-hunger-index-2015-mapping-the-worlds-hunger Meet "Chocolate Mamas", producers of chocolate in #Tanzania, creating Tanzanian jobs. 
While #cocoa is grown in West Africa and Asia,
most #chocolate (the finished product) is made in Europe or the USA.

Meet Jaki Kweka, who is trying to change that. By creating protected areas and national parks and by limiting the spread of soy bean cultivation, Brazil has managed to drastically reduce the amount of rain forest being cleared.

http://www.goodnewsnetwork.org/deforestation-in-the-amazon-has-plummeted-almost-90pt/ Costa Rica, #Afghanistan, China, #India and Albania are all embracing renewable energy sources.

http://www.theguardian.com/global-development-professionals-network/2015/sep/15/five-developing-countries-ditching-fossil-fuels-china-india-costa-rica-afghanistan-albania?CMP=share_btn_tw Social change needs empowered citizens, and empowered citizens need occasional encouragement.

Great to hear that we're not the only ones who believe in the power of positive news! 50,000 rice farmers in #IvoryCoast are now working with better seeds, improving food security in the West African country.

As a result, harvests have increased.

Source: World Bank, photo: Jbdodane / CC BY Sub-Saharan Africa’s first light rail system starts operations. 
As Ethiopians celebrate their New Year, they also prepare to mark the beginning of operations of a tram system in the #Ethiopian capital #AddisAbaba. 
Read more: http://mgafrica.com/article/2015-09-20-sub-saharan-africas-first-light-rail-system-starts-operationsyou-guessed-it-in-ethiopia Going Mobile in #Malawi”. A mobile phone information service established last year to provide timely information to rural poor farmers in a southern African country, has been used nearly half a million times since its launch.

Established in Malawi by Gorta-Self Help Africa last year, the ‘321’ voice-activated service provides subscribers to the country’s largest mobile phone network with farm information and advice that they can access at the push of a button. And it’s all free. Read more at http://dochas.ie/sites/default/files/The-Worlds-Best-News-2015_0.pdf 10,000 copies of "The World's Best News" were distributed all over #ireland today!

See how The Irish Times described our newspaper, and click the link to read all the articles online!

http://www.irishtimes.com/life-and-style/people/inside-out/have-you-read-the-world-s-best-news-1.2355806

Visitors Map

Map

Dóchas Photos

President of Ireland, Michael D. Higgins and members of the YMCA youth group.

President of Ireland, Michael D. Higgins at the 2016 Irish Summit on the Sustainable Development Goals at Croke Park hosted by Dóchas

More Photos

%d bloggers like this: